Skip to content

An Comhalta Fiachra Ó Céilleachair

Waterford

fiachra Ó céilleachair » news

Údarás na Gaeltachta agus na Snippers...

Issued : Wednesday 23 September, 2009

Re. Údarás na Gaeltachta agus na Snippers...
 
A Cháirde,

 

Faraoir, tá scamaill dhorcha ag druidim isteach ar an dtírdhreach ina bhfuil an méid sin againn ag saothrú ar son na Gaeilge.

 

Ni maith an túr atá á chraoladh maidir le forbairt eacnamaíochta agus Pobail ‘sna ceantracha Gaeltachta sa gheárr téarma.

 

Ní h-aon eisceacht í Gaeltacht na nDéise ‘sna pictúirí thuasluaite.

I dtús na bliana seo, léiríodh go raibh Meithheal Forbartha na Gaeltachta ag tréigint an comhthuiscint a bhí socraithe idir an Roinn, an Údarás agus MFG ionas gurb MFG a bhí freagrach as post Áisitheoir Pobail lán aimsireach don Rinn agus an Seana Phobal a mhaoiniú agus a chothú.

 

Anuas ar seo, léiríodh ná beadh sé d’acmhainn ag Údarás na Gaeltachta gníomhú ar cead pleanála a fuartathas chun Gorlann Fiontraíochta d’fhorbairt, mar a ghealladh, ar a gcuid talún i mBaile na nGall na Rinne.

 

Tháinig nithe díomách eile chun cinn i ndiadh na drochscéalta seo, ina measc cinneadh Roinn na Gaeltachta an deontas feabhasúcháin tithaíochta a chur ar ceal.

 

Go bhfeictear domsa anois, is níos measa a bheidh an phictúr i 2010. Mar atá, tá brú damanta ar an Údarás ó lá go lá ó thaobh cúrsaí airgeadais de. Go bunúsach, níl d’óthain acu chun ana chuid de na h-aidhmeanna caighdeánda a chomhlíonadh i 2009. Nuair is ciorraithe, fiacha agus bainsitiú i gcomhthéacs folúntais maoiniú ó Roinn na Gaeltachta atá i réim, is beag trácht atá ar urraíocht, deontais feidireachta etc. Go deimhin, níl cruinnithe rialta de Coiste Réigiunda na Mumhain á dtionóladh mar ná fuil d’óthain ábhar ann dóibh. Nuair atá cead ón Roinn Airgeadais ag an mBord iomlán cabhair a cheadú i dtreo tograí nua (ní raibh ar feadh piosa le cúpla mi anuas!), is i gcomhthéacs caitheachas i 2010 atá i gceist.   

 

Tá ana thrácht anois ar “Straitéis 20 bliana” atá le foilsiú go gairid ag Aire na Gaeltachta. Tugfar treo, deirtear linn, maidir le ról na h-áisinteahctaí uile atá ag plé le earnáil na Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta. Tugfar aghaidh chomh maith ar áit agus staid na teangain, trácht ar teorainnaí na Gaeltachta amach anseo san áireamh.

 

Cheana féin, tá sé socraithe comhnascadh a dhéanamh idir Údarás agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta. Ní gá gur droch rud é sin, ach ‘bheith cinnte de ná beadh ceantracha na Rinne agus an tSeana Phobal thíos leis.

 

I ndiadh foilsiú na Straitéise úd, ta ráite ag an Aire go mbeidh reachtaíocht nua ann chun leasú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta. Pé a bheidh i gceist ann, is amhlaidh go gcuirfidh sé seo maill éigin ar dháta don gcéad toghachán eile do Bhord an Údaráis. Ar ndóigh, ní bheidh mé féin san iomaíocht pé uair i 2010 a thárlóidh sé sin. Ni fada an tréimhse atá ann is dóiche ach tá imní orm i dtaobh cén saghas Údarás a bheidh ann fé’n am sin – gan trácht ar pé an mbeidh suíochán Bord in áirithint ar aon chor do Ghaeltacht na nDéise?

 

I ndeireadh na dála, braitheann ana chuid ar conas a ghniomhóidh an rialtas reatha ar mholtaí “An Bord Snip Nua” maidir le Údarás na Gaeltachta agus cúrsaí eile bainteach leis an nGaeilge a luaitear ann. Go deimhin, b’fhéidir go mbraitheann sé ar pé an bhfanfaidh an rialtas seo i gcumhacht ins na blianta beaga romhainn? Ni féidir praghas a chur ar rud cosúil le TG4. Tá súil agam go mbeidh rialtaisaí ann arís a thuigeann an tábhacht le infheistaíocht cruithaioch agus cultuartha dá leithéid a dhéanamh.

 

Cá bhfágfar sinn gan Aire Rialtas do chúrsaí Gaeltachta nó cad is fiú Roinn na Gaeltachta a bheith caite isteach leis an Roinn Oideachas? Cén éifeacht a bheadh le Údarás na Gaeltachta gan fheidhmeanna forbartha fiontraíochta aige?

Ag aon uair, chuirfinn failte roimh tuaraimaíocht, "feedback" nó deis roghanna a phlé.

 

Leanfaidh mé féin ar an airdeál ins an tréimhse atá fágtha agam ar an mBord. Tá mo mhí-shástacht agus mo chúiseanna imní curtha in iúl agam leis na daoine cuí. Ábhar muinín bi ea é ag an cruinniú Bord deirinneach den Údarás gur moladh d'aon ghuth go raibh na Comhaltaí ana mhí-shásta leis an tslí atá caite linn mar eagraíocht le gairid agus - níos tábhachtaí fós - go raibheamar uile in aghaidh an treo atá marceálta amach i dtuairisc "Bord Snip Nua".

 

Tá toscaireacht ón Údarás ag buaileadh le Aire Uí Chuiv ('sna Forbacha, Gallaimh) roimh ár gcruinniú Bord ar an Aoine seo chun an mhí-shástacht sin a phlé. Mar a thárlaíonn sé, i ndiadh an chruinniú Bord, tá cuireadh ag na Comhaltaí Bóird teacht i lathair leis an Taoiseach Cowen (ag oscailt oifigiúil ar Ionad Tacaiochta Clainne in Indreabhán gur thug an Údarás cabhair é d'fhorbairt).   

 

Ní gá ach streacfhéachaint a thabhairt ar na molltaí thíosluaite ó thuaraisc “Bord Snip Nua” (ní h-eol dom gur foilsaíodh leagan Gaeilge de!), chun go mbeadh sé léir go bhfuil ábhar docharach mar snáth tríd an méid smaoineamh ar chúrsaí Gaeilge/Gaeltachta atá tagtha uatha:

 

PROPOSALS/RECOMMENDATIONS

It is proposed that the County and City Enterprise Boards, the Business Innovation Centres, the Western Development Commission, and the enterprise functions of Údarás na Gaeltachta, Shannon Development, BIM, LEADER and Teagasc, as well as sector-specific agencies such as the Irish Film Board, should be merged within a reconstituted Enterprise Ireland.  The streamlined agency should also lead to major savings in overall administration costs including staff numbers.  The Group considers that the new enterprise body should operate a regional office network based upon the nine Gateways identified in the National Spatial Strategy, leading to savings in local office accommodation costs.

                                                                                                                                             

 

Savings

The Department of Education and Science

Discontinuation of Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

 

 

€ 1.2m

The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs should be closed

down and its functions redistributed across various departments:           

 

-      transfer of responsibility for the Gaeltacht to the Department of Education and Science

 

-      transfer of responsibility for Islands to the Department of Environment, Heritage and Local Government

 

-      phase out CLÁR     

€16.9m

-      Gaeltacht Housing Grant Schemes should not be resumed

€  2.9m

-      discontinuance of specific Gaeltacht Schemes

€  9.0m

-      reduce allocation for island infrastructure

€20.0m

-      transfer Údarás na Gaeltachta’s enterprise development functions to Enterprise Ireland   

€  6.9m

-      transfer of responsibility for Irish Language to the DES

 

-      transfer of An Foras Teanga to DES

 

-      reduction in allocation for CSP’s by €10m

 

-      wind down Scéim Labhairt na Gaeilge and Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Summer courses) over two years

 

-      wind down Scéim Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire  (community centres, playing pitches, etc.) over two years

 

-      Gaeltacht Improvement Schemes (Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta), céibheanna, grúpscéimeanna uisce, feabhsú bóithre) – to be wound down over two years

 

-      the requirement under the Official Languages Act 2003 to translate all official publications into Irish should be amended to apply to a more limited range of cases

 

-      resources should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable

 

-      in the context of its recommendation that the budget of Ciste na Gaeilge be reduced by €1m the group recommends a cross programme analysis of all expenditure on the Irish Language

€ 1m

 

Transfer of Údarás na Gaeltachta’s enterprise development functions to Enterprise Ireland

The Group notes the high cost per job created by Údarás na Gaeltachta and responsibility for enterprise development functions across a range of related agencies.  Therefore, the Group proposes to merge the enterprise development function of Údarás na Gaeltachta with a new enterprise agency comprising Enterprise Ireland, the County Enterprise Boards and others.  The Group envisages current savings of €6.9m relating to the enterprise function of Údarás na Gaeltachta arising from this amalgamation.  This includes anticipated staff reductions of approximately 40 positions.

 

Le gach dea-ghuí,

 

Fiachra Ó Céilleachair,

(Comhalta Údarás na Gaeltachta)

 

 

Support the Labour Party

Ireland Needs Labour - Labour Needs You - Join Us Now Ireland Needs Labour - Labour Needs You - Donate to Us Now

Site search

Sign up to stay informed

Language Tools


Digital Revolutionaries