Update ó Fiachra Ó Céilleachair, Comhalta Údarás na Gaeltachta don Rinn agus an Seana Phobal, mí na Samhna 2009

Issued : Tuesday 10 November, 2009

 Update le leanacht thíos ó Fiachra Ó Céilleachair, Comhalta Údarás na Gaeltachta don Rinn agus an Seana Phobal, mí na Samhna 2009

Att. Comhlacht Forbartha na nDéise, Comhairle Pobail na Rinne & Coiste Forbartha an tSeana Phobail

 

A Cháirde,

 

Mar eolas:

 

Seans go bhfuil eolas feicthe agaibh cheana ag cur in iúl go mbeidh an t-Aire Éamon Ó Cuiv TD sa cheantair ar an Sathairn 21ú lá Samhain. Tá sé i gceist aige cruinniú poiblí a reachtáil ar an lá ag 2pm i nDún Garbhán (féach http://www.pobail.ie/en/PressReleases/2009/November/htmltext,10066,en.html). Ar ndóigh, deis oiriúnach é seo chun ceisteanna práinneacha maidir le saol Ghaeltachta na nDéise a chur ós a chomhair.

 

Thug an t-Aire Ó Cuív ráiteas sa Dáil an tseachtain seo caite (mar fhreagra ar ceist ón Teachta Brian Ó Sé) ar ábhar bainteach le fheidhmeannaigh lán aimseartha ‘bheith fostaithe ar mhaithe leis an teanga agus cúrsaí forbartha pobail i nGaeltacht na nDéise (féach na sonraí níos faide thíos).

 

Tá cruinniú coiste réigiúnda na Mumhain den Údarás socraithe don Seana Phobail ag 3pm ar an gCéadaoin 9ú lá Nollag. Tá áis ins na cruinnithe seo chun glacadh le toscaireacht ón ngrúpa Pobail áitiúil, ionas gur féidir béim a chur ar na riachtanaisí acu. D’aontaíodh ag an an gcruinniú deirinneach mír a chur an gclár dá réir don ceann atá le teacht.. Mura bhfuil teangmháil tárlaithe ar an ábhar cheana féin, ba cheart d’ionadaithe ó Chomhlacht Forbartha na nDéise/Comhairle Pobail na Rinne/Coiste Forbartha an tSeana Phobail a chinntiú go dtógfar suas an deis seo, trí glaoch ar an oifig sa Daingain ag (066) 915 0100 nó r-post ag eon@udaras.ie

 

Táim fós ag fanacht ar fhreagra coimsitheach ar litir a cuireadh ós comhair an Bainsiteoir Réigiúnda ar an 19/10/09, ag fiafraí sonraí i dtaobh maoin atá ag MFG (féach cóip níos faide thíos). Gealltar dom go mbeidh an t-eolas agam go luath agus seolfaidh mé ar aghaidh é nuair atá. Cuirim san áireamh níos faide thíos arís cóip de litir ó 16/6/09 a scaipeadh ó Éamonn Ó Neachtain.

 

Ar ndóigh, tá dleathachas reatha leis an méid ata pléite i dtaobh staid an Údaráis agus cad tá in ann don todhchaí san méid a dúirt mé i http://www.labour.ie/fiachra/news/125374135648060.html

 

Le gach dea-ghuí,

 

 

Fiachra Ó Céilleachair,

(Comhalta Údarás na Gaeltachta),

Maoil a' Chóirne, An Rinn, Dungarvan,

Co. Waterford, Rep. of Ireland.

Tel. (087) 222 0235.
Web: www.Labour.ie/fiachra


 

*************************************************

Ceist Dála

 

Uimh: 804

 

03 Samhain 2009

 

To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs his proposals to ensure the continuation of the community facilitator post and the language facilitator post in the Déise Gaeltacht; and if he will make a statement on the matter.

 

- Brian O'Shea.

 

Tag:  38444/09

 

FREAGRA SCRÍOFA

 

AN tAIRE GNÓTHAÍ POBAIL, TUAITHE AGUS GAELTACHTA (AN tUASAL ÉAMON Ó CUÍV, T.D.):- 

 

I am advised that a community facilitator is employed by MFG one day a week in the Na Déise area. This position is currently funded through the Rural Development Programme Ireland 2007-2013. The continuation or otherwise of this post is purely a matter for MFG within their existing resources.

 

The language facilitator post referred to by the Deputy was established as part of a pilot scheme in a number of Gaeltacht areas to support the language planning process. This pilot scheme – including the Na Déise project – will conclude at the end of 2009 as intended. As the Deputy will be aware, the preparation of a 20 year strategy for the Irish language is in hands at present and plans for the further development of language planning supports in the Gaeltacht will be addressed in that context.

 

*******************************************************************

 

Maoiniú ó MFG‏

From:

Fiachra Ó Céilleachair (fiachraoc@hotmail.com)

Sent:

19 October 2009 13:36:23

To:

eon@udaras.ie

Cc:

ohaolain@udaras.ie

Bcc:

fiachra.oceilleachair@hse.ie

Eamon Ó Neachtain,

Bainisteoir Réigiunach, Údarás na Gaeltachta

19/10/09

Eamon,

Mar is eol duit, dhein mé féin trácht athuair ag an gcruinniú réigiunda deirinneach ar an tréigint a dhein MFG ar an gcomhthuiscint a bhí eathurtha leis an Údarás agus Roinn na Gaeltachta sa mhéid gurb ar MFG an fhreagaireacht chun maoiniú a dhéanamh ar phost ró-thabhachtach Áisitheoir Pobail i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana Phobail.

Mar a chuireadh in iúl ag ár gcruinniú thuas-luaite (i bhfiannaise an dá Comhalta Bord U na G atá chomh maith mar baill Bóird le MFG féin), is amhlaidh go bhfuil ciste/buiséad ana shuntasach de mhaoin Eorpach/stáit fé clár “Leader” etc. ag MFG chun roinnt amach fé láthair agus ins an gearr téarma romhainn maidir le tograí cuí.

Bheinn ana bhuíoch dá bhféadfaí an dá phoinnte thíos a sholéiriú dom:

  1. Cad é an líon airgeadú atá fé láthair ag MFG go bhféadfadh tograí pobail-bunaithe tarraingt uaidh dóibh féin agus a bpleannana?

 

  1. I bhfiannaise diúltú ag Fheidhmeannaigh MFG an soláthair cuí a chur ar fail chun Áisitheoir Pobail a bheith fostaithe i nGaeltacht na nDéise mar a chomhaointaíodh, an bhfuil bealaí inmholta go bhféadfaí pacáiste oiriúnach (ag tarraingt ó roinnt fhoinsí in MFG le béimeanna cuí féna treoirlínnte bronntaí deontais) a lorg thar ceann Comhlacht Forbartha na nDeise agus fostú Áisitheoir Pobail chun oibriú ar son réimsí airithe i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana Phobail?

 

Ni gá dom a rá gur a mhalairt de scéal atá ag an Údaras – ganntanas maoin agus ró-éileamh ar pé mhéid atá fé chaibidil i gcistí go mbeadh trácht orthu maidir le cabhrú le comhlachtaí Forbartha Pobail agus cúrsaí fostaíochta sa chomhthéacs sin.

 

Beidh mé ag súil le cloisint uait.

 

Le gach dea-ghuí,

Fiachra Ó Céilleachair,

Comhalta Bord na Rinne agus an tSeana Phobail.

c.c. Pádraig Ó hAoláin, Príomh Fheidhmeannach

Fiachra Ó Céilleachair,

(Comhalta Údarás na Gaeltachta),

Maoil a' Chóirne, An Rinn, Dungarvan,

Co. Waterford, Rep. of Ireland.

Tel. (087) 222 0235.
Web: www.Labour.ie/fiachra

 

************************************************************

 

Fiachra Ó Céilleachair,

Maoil a’Chóirne,

An Rinn,

Dún Garbhán,

Co. Phort Láirge

 

 

16.6.2009

 

Re:                  Buiséad Forbartha Pobail an Údaráis

 

Fiachra, a chara,

 

Go raibh maith agat as ucht do chomhfhreagras dár dáta 15.6.2009 maidir le feidhmiú scéimeanna forbartha pobail an Údaráis i réigiún na Mumhan.

 

Seo a leanas achoimre ar an leibhéal tacaíochta atá á íoc leis na Comharchumainn agus na hEagrais Forbartha Pobail:

 

 

Deontas

Reáchtála

 

Scéim na nOifigigh

Forbartha

Comharchumann Oileán Chléire Teo.

121,000

40,655

C.F.C.D. Teo.

100,000

70,000

Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo.

63,000

 

Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas Teo.

60,000

35,000

Forbairt na Dromada Teo.

55,000

35,000

Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.

30,000

35,000

Iomlán

429,000

215,655

 

 

Tá an dá scéim thuasluaite mar phríomh uirlisí tacaíochta do na Comharchumainn Pobail agus na hEagrais Forbartha Pobail atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht.  Cuireann na heagrais seo plean forbartha cuimsitheach faoin ár mbráid gach uile bliain.  Déantar meastóireacht ar na hiarratais seo agus tá an leibhéal maoinithe i ngach cás bunaithe ar bhunús an phlean oibre atá curtha ar fáil.  Le blianta beaga anuas tá béim ar leith curtha againn ar chlár forbartha pobail a dhéanann freastal ar riachtanais na bpobail áitiúla, ar chomhlánú na ndeiseanna forbartha agus fostaíochta sna réimsí fiontar pobail, turasóireacht chultúrtha agus soláthar seirbhísí áitiúla.  Tá caomhnú agus forbairt na Gaeilge mar theanga pobail lárnach sna pleananna seo agus tugtar meáchan ar leith don gcuspóir seo agus na hiarratais á mheas.

 

Maidir le haon iarratas nua a bheadh le cur faoi bhráid na scéimeanna seo, ba mhaith liom a mheabhrú go bhfuil athbhreithniú iomlán á dhéanamh ar bhunús feidhme na scéimeanna.  Faoi mar is eol duit, tá ciorraithe troma déanta ar bhuiséad forbartha an Údaráis agus níor tháinig an soláthar atá riachtanach le maoiniú a dhéanamh slán os na ciorraithe céanna.  Fágann sé seo nach mbeidh an leibhéal céanna maoinithe ar fáil do cheachtar don dá scéim amach anseo agus dá réir sin níos lú cúnaimh á íoc leis na hEagrais Forbartha Pobail.  Beidh orainn breithiúnas a dhéanamh maidir le haon iarratais nua os na Déise i gcomhthéacs an buiséad laghdaithe seo.

 

Má tá aon cheist eile agat, déan teagmháil liom ag am ar bith.

 

Is mise le meas,

 

 

____________________

Éamonn Ó Neachtain,

Bainisteoir Réigiúnach.

 

 

 

From: Fiachra Ó Céilleachair [mailto:fiachraoc@hotmail.com]
Sent: 15 June 2009 12:32
To: Eamonn Ó Neachtain
Cc: Pádraig O hAoláin; Rachel Ni Riada
Subject: Airgeadú i dtreo comharchumainn agus comhlachtaí pobal-bunaithe

Att. Eamon Ó Neachtain,

Bainisteoir Réigiúnda na Mumhain,

Údarás na Gaeltachta

 

A Chara,

 Bheinn ana bhuíoch ach eolas/Comhairle d’fháil mar fhreagra ar na ceisteanna thíos:

 

  1. I 2009, cad é an buiséid atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le airgeadú i dtreo comharchumainn agus comhlachtaí pobal-bunaithe i nGaeltachtaí na Mumhain (deontas reachtála agus scéim Bainisteoir fé Oiliúint san áireamh)?

 

  1. Cad iad na Comharchumainn agus Comhlachtaí Pobal-bunaithe i nGaeltachtaí na Mumhan atá i dteidil/ag fáil cúnamh fé na scéimeanna thuasluaite?

 

  1. An mbeadh Comhlacht Forbartha na nDéise sa Rinn/Seana Phobail (nó Comhairle Pobail na Rinne agus Cosite Forbartha an tSeana Phobail mar chodanna de) i dteidil cabhrach fé na scéimeanna seo agus, más sea, conas go rachfaidís i mbun é lorg/d’fháil?

 

Tá súil agam go mbeifear in ann an t-eolas seo a chur ar fail dom i scríbhinn, mar go bhfuil iarrtha orm soléiriú dá réir a chur in iúl maidir le gníomhaíocht eagraíochtaí pobail i nGaeltacht na nDéise.

Le gach dea-ghuí,

Fiachra Ó Céilleachair,

(Comhalta Údarás na Gaeltachta),

Maoil a' Chóirne, An Rinn, Dungarvan,

Co. Waterford, Rep. of Ireland.

Tel. (087) 222 0235.
Web: www.Labour.ie/fiachra





Digital Revolutionaries