FAO Comhlacht Forbartha na nDéise, Coiste Forbartha an tSeana Phobail & Comhairle Pobail na Rinne
FYI
Bhí sé go maith an bhrú ar an Aire a d'fheiscint agus é sa cheantair inniu. Bhí comhrá aige féin liom sa Seana Phobal (ag oscailt oifigiúil SN Baile Mhic Airt) agus mhínigh mé an scéal athuair fé'n dá phost. Tá tracht aige ar "síneadh ama" agus maoiniu in oiriúint leis an Straitéis 20 bliana atá le scaoileadh uaidh go luath (plé leis an Údarás agus eagraíochtaí eile mar cuid de sin). Cífimíd.
Tuigtear dom ó thaobh an Údaráis de, go bhfuiltear ag leanúint leis an bplé faoi mhaoiniú na scéimeanna deontais atá ar fáil do na hEagrais Forbartha Pobail agus féidireachtaí pacáiste cúnaimh do Chomhlacht Forbartha na nDéise i rith 2010 (ag brath ar an mbuiséad etc). Is sa Rinn anois a bheidh an cruinniú reigiunda ar an 9ú lá Nollag agus beidh mé ag tnúth leis an tuairisc a chuirfidh an Bainsisteoir i láthair ar roghanna a fhéadfadh 'bheith ar fáil. Ar ndóigh, tá sé tabhachtach go mbeadh toscaireacht ós ár gcomhair agan gcruinniú sin chomh maith.
‘Séard atá mar bhunús leis an bplé thuasluaite ná go mbeadh bun-leibhéal tacaíochta ar fáil do gach pobal Gaeltachta, pobal na nDéise san áireamh, a chuirfidh ar chumas na bpobal sin clár forbartha áitiúil a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na heagrais Stáit cuí.
Caithfear áird a thabhairt ar na bunriachtanais forbartha atá ag na pobail maidir le sealbhú agus caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail, ar an réimse fiontar pobail agus ar chláir oibre eile a chuirfidh le deiseanna fostaíochta agus le soláthar seirbhísí áitiúla.
D'fháilteoinn roimh aon iarratas ó Comhlacht Forbartha na nDéise sa mhéid sin agus tá an Bainisteoir i dteagmháil leanúnasch le CF na nDéise ar seo.
Beir bua,
Fiachra
Already signed up? Then login now!