Re Udarás na Gaeltachta & Dréacht Straitéis don Gaheilge‏

Issued : Thursday 11 February, 2010

Att. Comhlacht Forbartha na nDéise (inc Comhairle Pobail na Rinne/Coiste Forbartha an tSeana Phobail)

 

A Cháirde

 

Mar is eol díbh, tá plé leanúnach agaibh trí’n mBainsteoir Réigiúnach agus a fhoireann sa Daingean ar fhéidireachtaí d’Údarás na Gaeltachta teacht i gcabhair ar Chomhlacht Forbartha na nDéise (inc. Comhairle Pobail na Rinne/Coiste Forbartha an tSeana Phobail) chun an fholús a lionadh ó chúlú náireach MFG ó scéim na hÁisitheorí Pobail agus deireadh aisteach á gcur ag Roinn na Gaeltachta ar maoiniu na Pleannana Forbartha Teangain.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil an méid thuas fós ag dul araghaidh, níos mó na blian tar éis an conspóid a theacht chun cinn ar dtúis. Idir an dá linn, ní gá a rá ach go bhfuil frustrachas ar mhuintir Gaeltachta na nDéise. Tugadh aghaidh ar an gceist arís ag an gcruinniú Bord ‘sna Forbacha ar an 22ú lá Eanair agus arís ag cruinniú coiste réigiúnda na Mumhain i gCul Aodha ar an 28ú lá.

 

De réir mar a thuigim, beidh dáilleadh na deontasaí reachtaíochta do comharchumainn agus comhlachtaí forbartha le plé agus le socrú ag cruinniú Bord an 26ú lá Feabhra. Beifear i dteangmháil roimh ré, ach tá cumadh ar an scéal go mbeidh tacaíocht do Chomhlacht Forbartha na nDéise ins an áireamh. Is dearfach an scéal é seo, sa mhéid is go raibh Gaeltacht na nDéise mar eisceacht i gcónai cheana mar ná raibh sciar in ann don gceantair fén mbuiséid úd. Cuirfidh sé bunús fhoirmeálta san áit ná raibh cheana.

 

Ar ndóigh, tá brú millteach i mbliana ar an Údarás freastal ar riachtranaisí na ceantracha uile agus seans go mbeidh rúille búille i bpobail éagsúla. Ní bheidh aon glacadh, áfach, le filleadh ar an staid nuair ná raibh MFG, Roinn an Gaeltachta ná an Údarás ag seasamh le fostú aítiúil i nGaeltacht na nDéise ar mhaithe le cúrsaí forbartha pobail agus teangain. É sin ráite, beidh pé pacáiste a thiocfaidh tríd ón Údarás do 2010 ar mhaithe le Comhlacht Forbartha na nDéise gairid ar an méid a bhí amhlaidh le MFG agus Roinn na Gaeltacha ar bord i 2008.

 

Tar éis an 26ú lá Feabhra, tá an dúshlán ann i gcónaí maidir le oibriú leis an Údarás chun cur le cúrsaí tenagin agus pobail sa Rinn agus sa Seana Phobail. Caithfidh go bhfuil féidireachta ann chomh maith maidir le MFG. Ar ndóigh, má tá Roinn an Gaeltachta ag rá go mba cheart plean forbartha teangain ‘bheith ann do gach ceantair Gaeltachta, ní mór brú a chur orthu maoiniú – trí pé bhealach – a dhéanamh ar a leithéid.

 

I ngnáth cúinnsí, tá toghachán do Bord Údarás na Gaeltachta riachtanach roimh Aibreáin na bliana seo. Ar ndóigh, mar a dúirt mé tamall maith ó shin, ni bheinn san iomaíocht ar aon chaoi. Beidh ar an t-Aire (roimh deireadh mí Aibreáin) Cathaoirleach nua a cheapadh/ath-cheapadh agus amhlaidh a dhéanamh i gcás dhá Comhalta Boird eile. Is cosúil go mbeidh an Príomh Fheidhmeannach ag teacht chun deireadh tréimhse chomh maith in Aibreáin.

 

Ar ndóigh, de bhárr an dréacht Straitéis 20 bliana don nGaeilge agus reachtaíocht i dtaobh an Údaráis atá geallta dá réir, beidh maill suntasach ar pé toghachán (nó próiséis ceapacháin, más nios cruinne an focailaíocht sin d’úsáid) a bheidh ann do pé bord (nó pé riocht d’eagraíocht Gaeltachta/Gaeilge) a bheidh i gceist.

 

Féach an meid thíos maidir leis an méid thuas.

 

Le gach de-ghuí,

 

Fiachra Ó Céilleachair

 


From: Fiachra Ó Céilleachair [mailto:fiachraoc@hotmail.com]
Sent: 02 February 2010 10:39
To: Brian O Shea TD
Cc: eamon.gilmore@oireachtas.ie
Subject: Re Udarás na Gaeltachta & Dréacht Straitéis don Gaheilge

 

Brian Ó Sé TD,

Urlabhraí Gaeilge & Gaeltachta,

Páirtí an Lucht Oibre

 

A Bhrian,

 

Mar is eol duit, d’fhoilsigh an rialtas dréacht Straitéis fiche bliana don nGaeilge le gairid. Ar ndóigh, cuireadh fáilte roimhe mar deis ghníomhaiochta ar son na teangain agus do na Pobail ina bhfuil sí á labhairt.

 

Ar na moltaí sa dréacht, tá plean chun cur le réimse Údarás na Gaeltachta. Bheadh cur chun cinn na Gaeilge i gceantracha nach Gaeltachtaí iad, chomh maith le cúrsaí oideachas Gaeltacta agus Gaelscoilaíochta, fé scáth an Údaráis de réir an dréacht reatha. Tar éis reachtaíochta chun sin a dhéanamh amhlaidh, tá sé i gceist gur “Údarás na Gaeilge” a bhaistfí ar an áisinteachta ath-dhearaithe.

 

Pléadh an méid thuasluaite ag cruinniú Bord Údarás na Gaeltachta ar an 22ú lá Eanair. I gcoitinne leis an bPríomh Fheidhmeannach, bhí móramh den mBord a chreid gur deis dearfach don Údarás an leathnú atá molta sa mhodh ina bhfuil sé sa dréacht. Le soiléiriú an t-Aire Uí Chuív (i ndiadh fhoilsiú na dréachta) go bhfágfaí ról tacaíochta fiontair agus gníomhaíocht fhorbartha eacnamaíochta ag an Údarás, bhí móramh den mBord ar an lá a d’aontaigh chun “Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge” a lorg mar ain mar an eagraíocht.

 

Ar ndóigh, comhthreoirmhar le seo uile, táthar ag leanúint ar aghaidh (go mall) le nascadh fhoirmeálta idir an Údarás agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG – an áisinteacht atá ag plé le dáilleadh agus riarú clár Leader ‘sna Gaeltachtaí). Bheinn féin, go coinníollach, ina bhfábhar seo.

 

Cé go dtuigim an loighic taobh thiar den méid atá luaite sa dréacht Straitéis i leith an Údaráis, tá roinnt ábhar imní orm.

 

Fé lathair, tá 17 as 20 ar Bhord an Údaráis toghfa go díreach ón bpobal. Imeofar ón modh sin, is cosúil, má thagann “Údarás na Gaeilge” chun cinn ins an riocht atá molta sa dréacht. Tá sé ionann agus cinnte ná beidh Comhalta le roghnú don mbord nua i dtoghachán ag muintir na Rinne agus an Seana Phobal ar a son féin. Ní maith an rud é sin.

 

Nílim cinnte go mbeadh buntáiste in ann trí’ Roinn Oideachais go h-iomlán a bheith ag plé le riaracháin móramh oll-mhór de scoileanna na tíre agus an Údarás fágtha le maoiniú a lorg chun seirbhís a dhéanamh ar an mionlach.

 

Bheadh ceist agam chomh maith ar cén fáth ná deinfí athrú ar an ndréacht Straitéis (agus reachtaíocht sa ghearr-thodhchaí dá réir) ionas go mbeadh sé indéanta d’Fhoras na Gaeilge an beart a dhéanamh ar son na Gaeilge i gceantracha nach Gaeltachtaí iad.

 

I’m thuaraimse, d’fhéadfadh Údarás na Gaeltachta a bheith níos éifeachtaí agus maoiniú ceart agus cumhachtaí breise aige (bronnta le reachtaíocht) – agus é ag feidhmiú taobh istigh de na Gaeltachtaí féin mar atá ‘sna seacht contaetha áirithe fé láthair. Ní bheadh baol chomh mór in ann sa chás sin, go bhféadfaí bá ‘bheith in ann don ról fiontraíochta ‘sna Gaeltachtaí i gcomhthéacs cúramaí teangabhunaithe do dhaonra an stáit uile.

 

Ar na cúiseanna thuas, ag an gcruinniú Bord an lá cheana, thug mise tacaíocht go moladh chun athrú a chur ar an ndréacht Straitéis sa chaoi go:

“Gur ‘sna Gaeltachtaí amháin a bheadh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú – agus maioniú agus cumhachtaí breise aige.”

 

Theip ar an moladh thuas agus glacadh le ceann ag dul leis an méid atá sa dréacht Straitéis mar a sheasann sé fé láthair, ach “Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge” a bheith mar ainm don eagraíocht.

 

Le gach dea-ghuí,

 

Fiachra Ó Céilleachair,

(Comhalta Údarás na Gaeltachta),

Maoil a' Chóirne, An Rinn, Dungarvan,  

Co. Waterford, Rep. of Ireland.

Tel. (087) 222 0235.
Web: www.Labour.ie/fiachra


Digital Revolutionaries